Monday, 20 June 2016

Ceolchoirm Chinn Bliana.

Seo na focail don amhrán a chanfaimid an tseachtain seo chugainn.

Tá an ceol féin le fáil anseo.

Bígí ag cleachtadh.

M. Cian

Friday, 17 June 2016

Scamaill Focail

Cúpla seachtain ó shin thosaigh muid ar rud darbh ainm scamaill focail. Tá na scamaill rud a chuireann muid focail air agus tiocfaidh pictiúir amach le focail air le dathanna air. Bhí orainn cuir ar ríomhaire na focail go léir a fuair muid mícheart ó na habairtí Gaeilge ó thús bliana. Ansin shábháil muid é agus chuaigh muid chuig an ríomhaire eile agus phioc muid na dath a maith linn a beith air. 


Rinne muid na scamaill chun cabhrú linn ar litriú a beith níos fearr ná atá só beidh in ann iad a bheith againn do rang a sé. Rinne gach duine ceann agus dúirt M.Cian chun iad a thógáil isteach chuig rang a sé chun cabhrú linn i nGaeilge agus i mBéarla. Chuir muid iad ar na ballaí só beidh gach duine in ann iad a fheiceáil. Nuair a thagann tú isteach an doras féachann siad go hálainn ar fad. Agus tá an scamaill ranga ar fheabhas.

Conor.

Saturday, 28 May 2016

Abairtí na Seachtaine

Beirt eile roghnaithe an tseachtain seo agam.  Ar dtús, an Ghaeilge ...

"Tá muid ag dul amach chun súgradh" arsa Múinteoir Treasa; "Tá muid ag obair" arsa Múinteoir Cian.

N'fheadar, cad atá á rá anseo agat a Mholly?

Rud éigin oiriúnach don Samhradh a scríobhadh sa Bhéarla.

The weather is absolutely brilliant today, and we're in Ireland!

Go leana an dea-aimsir go deireadh na bliana!  Maith thú Adam.

Sin agaibh buaiteoirí deireanacha na bliana, mar tá na cóipleabhair go léir ceartaithe agam agus ticéid buaite ag beagnach gach duine - mar sin, ní bheidh aon bileoga nua an tseachtain seo chugainn - wú hú!

M. Cian.

Friday, 13 May 2016

Abairtí na Seachtaine

Is fada ó rinneamar an comórtas seo agus mo leithscéal as ucht sin.  Seo agaibh na buaiteoirí an tseachtain seo.  Ar dtús, an ceann i nGaeilge:
An ndearna tú d'obair bhaile inné nó an raibh tú ag súgradh?


An buaiteoir sa Bhéarla ná 

Oisín was caught standing behind the door when the teacher woke up from his nap.

Níl pictiúir agam le haghaidh seo - caithfidh go raibh mé a chodladh nuair a tharla sé? 

Maith sibh Daisy agus Elizabeth.

Friday, 29 April 2016

Saoirse Na hÉireann

An bhliain seo in Éirinn tá an tír ag ceiliúradh 100 bliain ó 1916. Thuas i bPáirc an Chrócaigh rinne siad ceolcoirm ann an tseachtain seo caite. Mar bhí Éirí Amach na Cásca ar an 24/4/1916 agus rinne siad an ceolhcoirm ar an 24/4/2016.

Rinne an rang tionscnamh faoi 1916. Bhí na tionscnaimh faoi Frithdhúnadh 1913, Amlíne na Saoirse, Cogadh Cathartha, Éirí Amach na Cásca agus Cogadh na Saoirse agus Criodheighilt. Cheap mé go raibh an rud thuas Páirc an Crócaigh go maith. Cheap mé go raibh na tionscnaimh go maith. Agus anois tá Éire saor.;]


Conor

ÁR dTURAS SCOILE mlg

Inniu tá muid chun rá leat faoin turas scoile ba mhaith le Jack agus James ach ar dtús tá muid chun rá leat cúpla ceann de na áiteanna atá muid in ann dul. Tá funtasia, clara lara, Tayto Park,splash world, croagh patrick, surfáil, an aviva. Cur M.Cian ceist do liathróidí peint, quads agus Tick Toc feirm agus dúirt siad go raibh muid róshean

Ba mhaith linn dul go TAYTO PARK. An fáth sin mar go beidh an spraoi againn ann mlg. Bhí muid ann uair amháin agus bain muid an taitneamh as. Tá rollchóstóir ann darbh ainm an cú chuallinn. Tá pictuirlinn 5-D ann. Tá ziplíne ann atá an mór. Tá an rotator ann a téann an ard sa speir agus tá tú bun os chionn. Tá an ráis spéir ann agus bíonn tú bun os chionn freisin. Tá zoo ann agus tá tú in ann féachaint ar na ainmhite. Tá dreapa clochaí ann freisin agus slide ollmhór ann. Tá traen ann atá an maith feisin agus tá iad sin na fath ba maith linn dul go dtí tayto park.

Jack agus #James
mlg

Comartas Na Dojo

Tá Gaelscoil an Inbhir Mhóir ag déanamh comórtas dojo. Déanann príomhoide an chomartas ionas beidh gach duine ag caint as gaeilge. Tá sé idir naoi ranga. Rang a 1,rang a 2, rang a 3 ,rang a 4, rang a 5 agus rang a 6. Déanann muid comórtas gach téarma. An chéad téarma bhuaigh ár rang agus rang a 2,an dara téarma bhuaigh rang a 1 agus an téarma seo tá muid chun buachaint.Ta clár ríomhaire darbh ainm class dojo. Nuair a bhíonn grúpa do triúr ann ag caint as gaeilge faigheann siad trí poinnte ach ta tú in ann dojo a chailliúint freisin. Tá na dúiseanna na an pictuirlann agus funworks phioc muid an pictúirlann chonaic muid Good Dionasaur bhi se an-mhaith. Emma agus NiamhNic

Tuesday, 19 April 2016

Na Míorchait.

D'ullmhaigh roinnt de na cailíní físeán gearr faoi Míorchait.  Faraor, tá sé ródheireanach é a chuir isteach le haghaidh gradam Oscar i mbliana, ach b'fhéidir an bhliain seo chugainn. 


Obair den scoth a chailíní.

Tuesday, 8 March 2016

Éirí Amach 2016

Seo grianghraf a tógadh díreach roimh tógáil chun stáitse dúinn ar an Satharn.  Bhaineamar an-taitneamh as an dráma a chur i láthair agus rinneamar an-jab ar an lá.  Faraor, bhí an caighdeán an-ard ar an lá agus níor bhaineamar an duais, ach beidh lá eile ag an bPaorach.  Rang 5 abú!


Má rinne éinne taifeadadh den taispeántas ar an lá, bheinn buíoch asaibh cóip a sheoladh isteach chugam ionas gur féidir liom é roinnt leis an rang.

M. Cian

Friday, 4 March 2016

Níl aon tinteán ...

... mar do thinteán féin.


Seo an tinteán atá déanta againn don dráma. Tá ar ndráma mar an dráma is fearr a chuirfidh tú do shúile air. Tá sé an-mhaith le grá (nílim ach ag magadh) marú agus rudaí brónach.



Seo hiad na Volunteers. Tá siad réidh chun troda do saoirse Éire agus Éireannaigh. Tá a lán acu chun bás a fháil ach tá sé é sin nó bás mar thosaigh daoine maith mar Pádraig mac Piarais an Éirí Amach. Tá iad sin na daoine a throid do do saoirse agus Éire. Tá duine amháin sa pictiúr seo traitor. Déan iarrecht buile faoi thuairim cén buachaill nó cailín atá an traitor.


Anseo tá Captain Briggs, Private Smith agus na saighdiúirí Sasanacha. Tá iad seo na daoine a maraíonn daoine ó Éire. Tá Captain Briggs an i gceannas ar na saighdiúirí. Ceapann siad go bhfuil siad i gceannas ar gach rud agus duine ach i ndáiríre níl siad. Má raibh uachtar reoite agat beidh siad mar tá é sin mo uachtar reoite. Má raibh tú i gceannas ar tír mar Meiriceá nó An tSín beidh siad mar níl sé do tír tá sé ár dtír.

Ó Jack : p

Saturday, 13 February 2016

Abairtí na Seachtaine

An buaiteoir sa Ghaeilge an tseachtain seo ná ...

Oscail an doras agus féach isteach, bain díot do hata agus siúl isteach.

Abairt an-suimiúil ansin ó Niamh. N'fheadar ar chuala mé áit éigin eile na focail sin? Hmmm.

An buaiteoir sa Bhéarla ná ...

Sticks and stones may break my bones but words will never hurt me.


Nílim cinnte an nglactar leis an abairt seo mar fhírinne na laethanta seo, ach arís sílim gur chuala mé é áit éigin cheana féin.  Hmmm arís.

Pé scéal é, sin agaibh na buaiteoirí - anois aimsigí nó dearaigí pictiúir chun iad a léiriú.

M Cian.

Friday, 12 February 2016

An Charghas

Is é Carghas Lent i mBéarla. Sa charghas bhí Íosa insan fásch do 40 lá agus 40 oíche. Déantar an charghas chun a beidh mar Íosa. Ní raibh aon bia no deoch ag Íosa ach caithfidh na rudaí sinn a beidh againn so don charghas uaireanta stopann muid teilifís nó criospaí rudaí mar sin. Tá tú in ann rudaí maith a déanamh seachas rud a stopadh mar thosú ag ithe slántiúil rudaí mar sin. Thosníonn sé ar Máirt na hInide agus críochníonn sé ar Domhnach Cásca.

Don charghas tá mé chun rudaí níos slántiúil a ithe mar caithfidh tú a beidh slántiúil. Rud eile atá mé ag iarraidh déanamh don charghas ná chun níos lú milseáin a ithe mar níl sé go maith duit.

Don charghas ceapaim tá mé chun déanamh dearmad orthu mar don rún na bliana rinne mé dearmad orthu. Insan rún na bliana rinne mé glan dearmad air. Bhí mé chun mo mhadra a thabhairt amach ag siúl gach lá rudaí slántiúil a ithe agus dén mo dícheall ar scoil ach an lá tar éis a scríobh mé iad bhí siad dearmata glan agma. Bhí siad as mo ceann. Tá mé chun déanamh níos far sa charghas (b'fhéidir).

NIAMH MC

Ár nDráma

Tá an blian 1916. Tá Pat agus Liam Byrne a troid i gcoinne Sasana ach níl a fhios ag a mam nó a clann. Bíonn a lán dráma agus rudaí brónach sa dráma seo. A Terrible Beauty. Beidh iad sin na focail trailer don dráma is fearr sa domhain a rinne aon daoine riamh. Rinne muid (Rang 5+ M.Cian) dráma faoi 1916 mar tá sé 100 blian ó a tharla an Éirí Amach. Tá muid ag déanamh a lán cleachtadh agus tá gach duine go hiontach ag a páirt. Tá Pat an príomhcarachtair le Liam, Roisín agus Mam (AKA Kathleen). Tá daoine níos beaga sa dráma mar Doc Kav, Joe Byrne, Constance Markiewicz, Comandant, Sentry, Séan Ó Callaghan, Captain Briggs agus Private Smith. Tá an dráma timpeall 28 nóiméid. Tá an script réidh agus gach rud eile. Tá dara cast againn má bhfuil aon duine tinn mar mura raibh beidh an dráma scriosta. Tá muid cinnte go mbeidh an bua againn i gcoinne gach duine eile agus Rang 6.

Jack

Monday, 1 February 2016

Lá 'le Bríde

Inniu thugamar faoi Crois Bhríde a dhéanamh as luachra in onóir teacht an Earraigh.  Rinne gach éinne againn ár ndícheall agus seo roinnt dár n-iarrachtaí.






Maith sibh Rang 5 agus beannachtaí na féile Bríde oraibh.

M. Cian.

Saturday, 30 January 2016

Abairtí na Seachtaine.

An buaiteoir an tseachtain seo sa Ghaeilge, ná Rowan le

"An bhfuil aon obair bhaile agaibh anocht" a dúirt mamaí liom.

"Fíor bheagáin a mham!" is dócha an freagra a thugann Rowan gach uair a chuirtear an cheist sin uirthi.

An buaiteoir sa Bhéarla ná

Their dog bit my dad because my dad fed the dog a hot sausage by accident.

An-shamhlaíocht ar fad anseo ó Chiara.



As seo amach, os rud é go bhfuil an GIMP foghlamtha anois agaibh, táim chun dualgas a chur ar na buaiteoirí pictiúir a aimsiú nó a dhearadh a oireann do na habairtí a chum siad.  Táim ag tnúth go mór le hiarrachtaí Rowan & Ciara a fheiscint an tseachtain seo chugainn.

Fuaireas na híomhánna thuas ó Leah agus Jack.  Maith sibh.

M Cian


Wednesday, 27 January 2016

Teisiliú.

Táimid ag foghlaim faoi theisiliú na tseachtain seo.  Seo suíomh suimiúil gur féidir imirt leis chun smaointe a thabhairt don obair bhaile anocht.

M. Cian

Friday, 22 January 2016

Abairtí na Seachtaine

'Seo daoibh abairtí na seachtaine seo.

Thank you all for participating in this years festival, but the winners are Rang 5 Gaelscoil an Inbhir Mhóir!

Is maith liom an ceann sin agus tá súil againn go gcloisfear rud éigin mar sin sar i bhfad.  Go raibh maith agat Martha as ucht an méid sin.

An buaiteoir sa Ghaeilge ná

Chuamar chun 'The Good Dinosaur" a fheiceáil mar gur bhuamar na dojos.

Ceann eile faoi rang 5 buacach. Rang 5 abú! Maith thú James.

M. Cian.


Friday, 15 January 2016

Abairt na Seachtaine.

Seo an abairt a roghnaigh M. Cian an tseachtain seo.

Bhi méan-sásta le na páistí mar go raibh siad ag déanamh an obair scoile

N'fheadar cén fáth gur roghnaigh sé an ceann sin?

Maith thú a Dhiarmad.

Johnny Depp

Tá Johnny Depp ana cáiliúil mar bhí sé an príomhcarachtair i alán scannán a rinne go maith. Bhí sé i gach Pirates of the Carrabean scannán eile m.sh: Charlie & the Chocolate Factory, Alice in Wonderland & Edward Scissorhands. Is aisteoir go hana mhaith é.

Tá sé 52 bliana daois. Tá sé ó Owensboro, Kentucky, i Meiriceá. Anois cónaíonn sé i Los Angeles, California, U.S.A. Is aisteoir, producer & ceoltóir é. Tá dhá páistí aige; Lily-rose Melody Depp, & John Christopher Depp 3. Tá a ainm go léir John ''Johnny'' Christopher Depp 2. Rugadh sé ar an 9ú de Meitheamh 1963.

Nuair a raibh Johnny óg bhí sé ag bog timpeall ó teach go teach. Bhog sé níos mó ná 20 uair roimh a bhí sé socraithe i Mirimar, Florida. I 2012 chuir an Guiness Book of Records é síos mar an aisteoir a faigheann an méid is mó airgead. I 2011 fuair sé $75 milliúin. I 1990 fuair sé gealta don príomhcarachtair Wiona Ryderi Edward Scissorhands. Nuair a stop sé an bainis le Wiona Ryder tosaigh sé ag dul amach le Kate Moss.


Roghnaigh mé Johnny Depp mar bhí sé go hana maith i gach scannán a chonaic mé é i. Freisin tá sceitimíní orm mar beidh an scannán nua Alice in Wonderland2 ag teacht amach sa  Samhra. Beidh Pirates of the Caribean5: Dead Man Tells No Tales ag teacht amach i 2017. Ceapaim gur aisteoir den scoth é John ''Johnny'' Christopher Depp 2.

Slán Ó Elizabeth : ) 

James Murray

Is é James Murray ceann do na ceithre fear sa clár teilifís Impractical Jokers. Is clár é Impractical Jokers faoi cethre cairde a déanann rudaí greannmhara (uafasach don duine a caithfidh an rud a dhéanamh) do a chéile. Muna ndéanann tú an rud faigheann tú mearóg síos. An duine leis an méid is mó mearóga síos caithfidh siad rud an-uafasach a dhéanamh. Tá na daoine eile sa clár ná Joe Gatto, Sal Vulcano agus Bryan Quinn.



Tá James Murray 39 blian d'aois. Rugadh sé ar an céad lá do mí Bealtaine. Tá sé ina chonaí i New York. Níl aon deartháir nó deirfiúr aige.

Uair amháin bhí air skydive. Bhuail sé lena chairde ag State Highschool. Tá a laoch Rosario Dawson.

Phioc mé James Murray mar tá sé an duine is fearr liom ar an clár. Ceapann mé go bhfuil mé mar é freisin.

Jack.

Monday, 11 January 2016

Stáisiún Aimsire.

Fáilte ar ais go Rang 5.  Tá súil agam gur bhain gach éinne sult agus taitneamh as saoire na Nollag.  Táimid ag tabhairt faoi staisiún aimsire a thógáil agus chuige sin, beidh ainéimiméadair agus méadair baistí ag teastáil uainn.  Seo thíos treoracha chun iad a thógáil.

Bígí cinnte go bhfaigheann sibh cabhair ó dhaoine fásta má tá sibh ag gearradh aon rud - táim ag súil le deich méar a bheith ag gach duine as seo go deireadh bliana.

M. Cian.


Ainéimiméadar.



Méadar Báistí.