Saturday, 28 May 2016

Abairtí na Seachtaine

Beirt eile roghnaithe an tseachtain seo agam.  Ar dtús, an Ghaeilge ...

"Tá muid ag dul amach chun súgradh" arsa Múinteoir Treasa; "Tá muid ag obair" arsa Múinteoir Cian.

N'fheadar, cad atá á rá anseo agat a Mholly?

Rud éigin oiriúnach don Samhradh a scríobhadh sa Bhéarla.

The weather is absolutely brilliant today, and we're in Ireland!

Go leana an dea-aimsir go deireadh na bliana!  Maith thú Adam.

Sin agaibh buaiteoirí deireanacha na bliana, mar tá na cóipleabhair go léir ceartaithe agam agus ticéid buaite ag beagnach gach duine - mar sin, ní bheidh aon bileoga nua an tseachtain seo chugainn - wú hú!

M. Cian.

Friday, 13 May 2016

Abairtí na Seachtaine

Is fada ó rinneamar an comórtas seo agus mo leithscéal as ucht sin.  Seo agaibh na buaiteoirí an tseachtain seo.  Ar dtús, an ceann i nGaeilge:
An ndearna tú d'obair bhaile inné nó an raibh tú ag súgradh?


An buaiteoir sa Bhéarla ná 

Oisín was caught standing behind the door when the teacher woke up from his nap.

Níl pictiúir agam le haghaidh seo - caithfidh go raibh mé a chodladh nuair a tharla sé? 

Maith sibh Daisy agus Elizabeth.