Sunday, 29 November 2015

Abairtí na Seachtaine.

An buaiteoir sa Ghaeilge an tseachtain seo ná:
Tá an madra ag codladh go sámh sa seomra suí.
Maith thú Daisy.

An buaiteoir sa Bhéarla ná:
All the children were happy when they were winning dojos.
An-spreagadh ansin ó Leah.  Ar aghaidh go deo go mbeirimid bua!  Rang 5 abú!

M. Cian.

Saturday, 21 November 2015

Abairtí na Seachtaine.

Seo an pictiúir a roghnaigh mé chun an abairt is fearr sa Bhéarla an tseachtain seo a léiriú.

Would you rather jump off a cliff than do your homework?
An bhfeiceann sibh cé a chum é?

Dea-chomhairle ó bhuaiteoir na seachtaine seo sa Ghaeilge.

Obair go dian agus beidh tú go maith.

Táim chun na rialacha a athrú an tseachtain seo chun bhur ndea-iarrachtaí a mholadh.  As seo amach bronnfar ticéad aonair amháin ag gach duine a fhaigheann ⊛ dá n-abairtí an tseachtain sin.  Táim á athrú mar go bhfuil a lán agaibh ag déanamh an-iarracht ach nílim ach ag roghnú beirte gach seachtain.  Déanaigí cuardach i bhur gcóipleabhair go bhfeice sibh an bhfuil ticéid ag dul daoibh, ach amháin James agus Ross dár ndóigh, a scríobh na habairtí thuas agus a fhaigheann cúig ticéad an bhuaiteora dá bharr.

Maith sibh Ross & James

Thursday, 19 November 2015

An Hata Sóivéideach

Bhí Rang 5 ag foghlaim faoin spásaire cáiliúil Yuri Gagarin inniu agus i ndiaidh sin thug M. Cian fá ndeara go raibh Hata ó Airm an Aontais Sóivéidigh ar cheann ceann de na naíonáin ar an gclós.  Cad é sin mar chomhtharlúint?

Seo pictiúir den hata agus den scríbhneoireacht atá laistigh de.



An féidir le héinne é a léamh?

Go raibh maith agat Jamie ó Naíonáin Mhóra as ucht a hata a thabhairt ar iasacht dúinn ar feadh leath uair nó mar sin.

Wednesday, 18 November 2015

Turas Scoile

Ar an 5/11/15 chuaigh rang 5 go dtí Dublina i Baile Átha Cliath chun feachaint ar Na Lochannaigh.


Chuaigh rang 5,M.Cian agus M.Ciara go dtí Baile Átha Cliath. Thóg sé uair chun dul ann ar an mbus. Nuair a fuair muid ann bhí sé ag cur baistí.  Ar dtús chuaigh muid go dtí Dublinia bhí sé an- suimiúil. Fuair muid amach go nach raibh gach bád mar an gcéanna bhí bád beag agus bád mór. Bhí na tithe an-bheag mar nach raibh a lán airgead agat.



Ansin chuaigh muid go dtí McDonalds. Ansin chuaigh muid go dtí turas eile ar Na Lochannaigh. Chonaic muid RTÉ. Ansin chuaigh muid isteach ann bhí quiz againn chun na rudaí a aimsiú. Fuair muid amach nuair a bhí Na Lochannaigh ag trádáil má bhí siad ag trádáil go deas ní raibh an dragún ar an bád. Ansin chuaigh muid abhaile ar an mbus.


 

Bhain rang 5 agus na múinteoirí an-taitneamh as. Bhí sé an-suimúl do rang 5. Bhí lá an maith againn!

Go raibh maith agat M.Cian!!!!!!!!!

Ó Niamh,Niamh Mc agus Rowan

Saturday, 14 November 2015

Abairtí na Seachtaine.

An buaiteoir sa Ghaeilge an tseachtain seo ná

Tá múinteoir Cian 21; bhuel sin cad a dheireann sé.

Go raibh maith agat Niamh Ní as ucht cruinnis na habairte seo.  Bhíos chun pictiúir dom féin a chuir leis mar léiriú air, ach nach bhfuil sibh ag breathnú orm ó mhaidin go tráthnóna cheanna féin?

An buaiteoir sa Bhéarla ná an ceann fíor-shuimiúil seo:

If you said something backwards it would be 'gnihtemos'

Focal Béarla nua cumtha ag Elizabeth ansin - 'gnihtemos'.  An brí atá leis is dócha ná 'rud éigin cúl ar aghaidh'.  An-chliste.

Maith sibh cailíní.


Monday, 9 November 2015

Tá na báid.

Táimid ag foghlaim faoi longa an choicís seo agus inniu rinne Rang 5 iarracht ar bháid a thógail as marla.  Bhí comórtas againn idir na boird éagsúla - cé a d'fhéadfadh an bád is fearr a thógáil?

Ar an gcéad dul síos, caithfidh an bád snámh.  D'fhoghaimíomar gur gá don bád uisce a díchuir ionas go snamhadh sé.  Má díchuirtear uisce le meáchan níos troime ná an bád féin, snámhfaidh sé.  Tar éis roinnt iarrachtaí d'éirigh linn báid a chur ag snámh.

Bád ag snámh - tógtha ag Bord na moncaithe
Bád ag snámh. Tógtha ag Bord na capaill
Bád ag snámh - tógtha ag Bord na
Is ansin a thosaigh an comórtas - cén bád a iompródh an méid is mó 'paisinéirí'?
Tús maith - tógtha ag Bord na sicin
Tús maith, ach de réir mar a chonacmar iarrachtaí a chéile, tháinig feabhas thar cuimse ar ár n-iarrachtaí.

Bád beirte - tógtha ag Bord na madrai

Ceathrar phaisinéir - tógtha ag Bord na capaill

Dearadh eile le haghaidh ceathrar - tógtha ag Bord na ?????

Dearadh arís eile le haghaidh ceathrar - tógtha ag Bord na bPandaí.
Ansin, agus muid ag foghlaim óna chéile agus ag dul i dtaithí ar na riachtanaisí chun an méid is mó uisce a díchuir tháinig na buaiteoirí chun tosaigh.

Bád Ochtar - tógtha ag Bord na iora taluin
Bád Naonúr - tógtha ag Bord na capaill
Bád Naonúr eile - tógtha ag Bord na sicin
Níor cheap múinteoir Cian go n-éireodh le haon bord bád níos fearr ná seo a thógáil, ach bhí ticéid le buachaint agus ní raibh Rang 5 sásta stopadh go dtí go raibh siad ábalta freastal ar i bhfad níos mó paisineirí.

Bád ceathrar déag - tógtha ag Bord na mocaithe
Ceathrar déag eile - tógtha ag Bord na sicin


Bord Seisear Déag - Bord na nDeilfeanna.
Ar deireadh is iad Bord na Madraí a bhain an duais.  Bád a bhí in ann trí phaisinéir is fichead a iompar!  Maith sibh Ava, Jack agus Adam.

Rí na mBád - tógtha ag Bord na Madraí.
Tá múinteoir Cian chun an cuid eile den tseachtain ag iarracht 23 a shárú!