Táimid ag foghlaim faoi longa an choicís seo agus inniu rinne Rang 5 iarracht ar bháid a thógail as marla. Bhí comórtas againn idir na boird éagsúla - cé a d'fhéadfadh an bád is fearr a thógáil?
Ar an gcéad dul síos, caithfidh an bád snámh. D'fhoghaimíomar gur gá don bád uisce a díchuir ionas go snamhadh sé. Má díchuirtear uisce le meáchan níos troime ná an bád féin, snámhfaidh sé. Tar éis roinnt iarrachtaí d'éirigh linn báid a chur ag snámh.
 |
Bád ag snámh - tógtha ag Bord na moncaithe |
 |
Bád ag snámh. Tógtha ag Bord na capaill |
|
 |
Bád ag snámh - tógtha ag Bord na |
Is ansin a thosaigh an comórtas - cén bád a iompródh an méid is mó 'paisinéirí'?
 |
Tús maith - tógtha ag Bord na sicin |
Tús maith, ach de réir mar a chonacmar iarrachtaí a chéile, tháinig feabhas thar cuimse ar ár n-iarrachtaí.
 |
Bád beirte - tógtha ag Bord na madrai |
 |
Ceathrar phaisinéir - tógtha ag Bord na capaill |
 |
Dearadh eile le haghaidh ceathrar - tógtha ag Bord na ????? |
 |
Dearadh arís eile le haghaidh ceathrar - tógtha ag Bord na bPandaí. |
Ansin, agus muid ag foghlaim óna chéile agus ag dul i dtaithí ar na riachtanaisí chun an méid is mó uisce a díchuir tháinig na buaiteoirí chun tosaigh.
 |
Bád Ochtar - tógtha ag Bord na iora taluin |
 |
Bád Naonúr - tógtha ag Bord na capaill |
 |
Bád Naonúr eile - tógtha ag Bord na sicin |
Níor cheap múinteoir Cian go n-éireodh le haon bord bád níos fearr ná seo a thógáil, ach bhí ticéid le buachaint agus ní raibh Rang 5 sásta stopadh go dtí go raibh siad ábalta freastal ar i bhfad níos mó paisineirí.
 |
Bád ceathrar déag - tógtha ag Bord na mocaithe |
 |
Ceathrar déag eile - tógtha ag Bord na sicin |
 |
Bord Seisear Déag - Bord na nDeilfeanna. |
Ar deireadh is iad Bord na Madraí a bhain an duais. Bád a bhí in ann trí phaisinéir is fichead a iompar! Maith sibh Ava, Jack agus Adam.
 |
Rí na mBád - tógtha ag Bord na Madraí. |
Tá múinteoir Cian chun an cuid eile den tseachtain ag iarracht 23 a shárú!
No comments:
Post a Comment