Wednesday, 21 October 2015

Blitz Rugbaí

Inniu chuaigh muid go dtí blitz rugbaí. Bhí trí fhoireann againn.  Bhí Gaelscoil a haon, a dó agus a trí.  Bhí deich gcluiche in iomlán.  Bhuaigh muid cúig uair. Chaill muid ceithre cinn agus bhí comhscóir amháin ann.  D'imir muid Avoca, Annacuragh, Tempelrainey, Tinahely agus Carysfort.


Bhí foireann amháin ó Templerainey a bhí ar-fheabhas ach bhí a lán acu ó rang 6.  Bhí trí chluiche le himirt ag gach foireann ach ag an deireadh bhí cluiche amháin sa bhreis ag foireann 1.


Bhíomar an-tuirseach ag an deireadh ach bhain an rang go léir taitneamh as an lá.Níl aon obair bhaile againn mar go fuair Ava Chaomhánach an úd sa nóiméad deireanach, ach ghortaigh sí í féin á fháil!


Go raibh míle maith agat Barney! 

Rang 5.

No comments:

Post a Comment