An Aoine sa chaite chuaigh muid go dtí an stáisiún traenach le rang a sé. Bhí muid ag dul ann chun féachaint ar traen inneall. Rinne daoine an traen sin i 1949. Chuaigh muid ann le múinteoir Cian agus múinteoir Caroline. Chuaigh múinteoir Fianait agus múinteoir Ciara ann fresin.
Bhí orainn siúl ann. Bhí gach duine ag siúl le pairtnéir i grúpa de bheirt. Bhí mé ag siúl ann le Aaliyah. Nuair a fuair muid ann bhí cead againn dul isteach sa traen. Bhí a lán rudaí istigh ann nach bhfuil ann sa saol seo. Bhí bláthanna, blaincéad agus pictiúir. Ansin chuaigh muid amach. Bhris an traen síos nuair a bhí sé ag dul ach bhí sé ag obair arís. Ansin chuaigh muid ar ais go dtí an scoil.
Bain mé an-taitneamh as é seo. Bhí sé ana suimiúl. Dúirt an múinteoir linn go raibh daoine ag cheapa go raibh muid Templerainey ach dúirt duine eile ach tá siad ag caint as Gaeilge agus bhí an múinteoir an-bhródúil asainn.
Jack.
No comments:
Post a Comment