Monday, 21 December 2015

Turas go dtí an phictiúrlann.

De bharr gur bhuamar na Dojo an téarma seo, roghnaíomar dul chun 'The Good Dinosaur' a fheiscint sa phictiúrlann inniu.


 

Bhaineamar an-taitneamh as an dturas agus bhí an rang iontach béasach (agus Gaelach) agus muid sa Bhridgewater.  Ár mbuíochas don Omniplex as ucht oscailt go luath dúinn agus dár ndóigh do Príomhoide Páidí as ucht an duais iontach a thabhairt dúinn.

Déanfaimid ár seacht ndícheall anois é bhuachaint arís an téarma seo chugainn.

Rang 5 abú!

M.Cian

Thursday, 17 December 2015

Dhá Lá Déag na Nollag

Rinne Rang 5 taifeadadh den amhrán úd inniu agus tá sé le cloisteáil sa chúlra ansin má tá fuaim agaibh ar bhur ngléasanna.  Rinne Alvin agus na hIoraí Talún taifeadadh den amhrán céanna, agus más mian libh éisteacht le sin, tá sé ar fáil anseo.

Bainfidh mé an ceol nuair atá an Nollaig thart.

Wednesday, 16 December 2015

Messiah le Handel

I scoil bhí muid ag éist do amhráin darbh ainm Messiah a rinne fear darbh ainm Georg Friedrich Handel. Bhí orainn éisteact leis an amhrán agus bhí orainn abairtí a rá a chuala muid san amhrán. Bhí é seo an deacair le déanamh. Bhí Handel fear ó an Gearmáin ach bhí sé ina conaí i Sasana. Rinne sé an amhrán i Sasana ach an chéad uair  a chonaic daoine é ná insan áit is fearr ar domhain Baile Átha Cliath. Tá an píosa a bhí muid ag éist leis ná an chorus mar go bhfuil an t-amhrán ar fad 3-4 uair fada. B'fhéidir tá tú ag smaoineamh cad é Messiah agus tá sé an t-amhrán sin faoi Íosa agus tá an focail Hallelujah isteach ann a lán uair.

Jack 

Solad,Leacht agus Gas


                      Solad,Leacht agus Gás

 Tá Solad,Leacht agus Gás faoi  móilín beag áta greamaithe lé Chéile.  Tá Solad  Ábhair ina bhuil na móilíní greamaithe go,righin le chéile.  Leacht Ábhair ina bhuil na msilíní greamaithe le chéile,ach is féidir leo sleamhú thar a chéile.  Gás
Ábhair ina bhfuil i bhfad níos lú nascanna idir na móilíní,Is féidir leis leathnú  ar fad na háite.                                                                                                   Sampla:                                                                                                                     Tógann sé cruth an rud ina bhuil                                                            M.sh.bainne uisce
Móilíní greamaithe le chéile 
M.sh.cloch,adhmad
Tá ná Móilíní inan sleamhú thar a chéile
M.sh.Iorann,plaisteach

Saturday, 5 December 2015

Abairtí na Seachtaine

Seo dhaoibh buaiteoir sa Bhéarla an tseachtain seo.  Má scrúdaíonn sibh an pictiúir go cúramach feicfidh sibh cé a bhuaigh.

You're starting to get on my nerves and I think you should get off them.
Tá an buaiteoir sa Ghaeilge ag tosnú an fheachtais don turas scoile beagainín luath.

"Gan smaoineamh, beidh mé ann arís" arsa an cailín nuair a chuir an múinteoir ceist tar éis dul go dtí Funtasia.

Má tá sibh ag iarraidh pictiúir a fheiceáil den áit sin, nach féidir libh é a ghúgláil sibh féin?

Maith sibh Adam agus Elizabeth.

M. Cian

Friday, 4 December 2015

Ag dul go dtí an leabharlann.

Téann Rang 5 go dtí an leabharlann gach coicís, ag braith ar an aimsir. Cúpla seachtain ó shin chuaigh muid go dtí an leabharlann. Fuair gach duine trí leabhar.


Ar an treo ar ais bhí bláthanna a raibh sú isteach iontu. Bhí tú in ann é a ól. Bhí an sú an dheas. Deora Dé a thug M. Cian orthu.

Deora Dé
Ní raibh tú in ann faigh sú ó gach ceann. Bhí cuid acu le rud bán orthu agus sin iad na cinn a bhí beach tar éis é a fháil cheanna.



Bhí sé an suimiúil mar ní raibh a fhios ag cúpla duine sa rang go raibh tú in ann é sin a dhéanamh.

Sonraí



Ar scoil an choicís seo rinne muid sonraí sa mata. Ar an dtús rinne muid meán, mar shampla lá amháin fuair muid amach meánscór Mata Meabhrach do obair bhaile. Anois tá muid ag foghlaim faoi barrachairt. Rinne mo bhord na deochanna a raibh ag Rang A 5 an lá sin.



Bhí na rudaí eile mar an spóirt is fear linn, an ábhar scoile is fear linn, na peataí atá againn, na dearthaireacha agus deirfiúireacha a bhí againn, an slí a théann muid ar scoil agus na míonna a rugadh gach duine.  

Ar dtús tharraing muid na haiseanna ar pháipéar.  Ansin rinne muid na barraí le blocanna daite.  Nuair a bhí M. Cian sásta leis na barraí, tharraing muid iad ar an ngraf.



Ansin rinne muid an rolla agus rinne muid ghraf ar seachtain amháin.  Rinne muid barrachairt iolrach chun buachaillí agus cailíní a thaispeáint ar an gcairt céanna. Bhí  an sonraí agus barrachairt an-shuimiúil agus éasca ar an t-am céanna.

Páidí, James & Síofra.




Na Plainéid, le Gustav Holst.

Bhí Gustav Holst ó Sasana. Scríobh sé amhrán do gach plainéad ach amháin an Domhain mar, bhí sé ag déanamh gach ceann bhí tú in ann a feicáil ón Domhain.


Nuair a sheinn M.Cian an amhrán do Véineas tarraing muid rudaí síochánta, deas agus sásta. Nuair a shein se an ceann do Mars tarraing gach duine rudai faoi cogadh, crosta agus dáiríre. Bhí na hamhrán mar na déithe Romhánacha.

Bhi sé ana shuimiúil agus bhain gach duine taithneamh as. : )

ó Niamh mc agus Elizabeth. :)

Ré na Taiscéalaíochta



Bhí Rang5 ag déanamh Ré na Taiscéalaíochta. Bhí seacht duine cailiúil ann.

Anraí Phoirtigeal
Dias
Vasco de Gamma
Mageallan
Jacquas Cartier
James Cook
Cristopher Columbus

Bhí ceistana dirfúl mar Cé hé? Cad a rinne sé? Cá háit a ndeachaigh sé? Cad a rinne sé ann? Bhí siad na ceisteanna a fhreagair muid. Fuair muid eolas agus pictuir agus chuir muid é ar píosa paipéar. Agus mhaisigh muid é. Bhain muid an-taitneamh as.  Bhí sé an-suimiúil.

Ó Emma,Niamh,Jack agus Leah

Sunday, 29 November 2015

Abairtí na Seachtaine.

An buaiteoir sa Ghaeilge an tseachtain seo ná:
Tá an madra ag codladh go sámh sa seomra suí.
Maith thú Daisy.

An buaiteoir sa Bhéarla ná:
All the children were happy when they were winning dojos.
An-spreagadh ansin ó Leah.  Ar aghaidh go deo go mbeirimid bua!  Rang 5 abú!

M. Cian.

Saturday, 21 November 2015

Abairtí na Seachtaine.

Seo an pictiúir a roghnaigh mé chun an abairt is fearr sa Bhéarla an tseachtain seo a léiriú.

Would you rather jump off a cliff than do your homework?
An bhfeiceann sibh cé a chum é?

Dea-chomhairle ó bhuaiteoir na seachtaine seo sa Ghaeilge.

Obair go dian agus beidh tú go maith.

Táim chun na rialacha a athrú an tseachtain seo chun bhur ndea-iarrachtaí a mholadh.  As seo amach bronnfar ticéad aonair amháin ag gach duine a fhaigheann ⊛ dá n-abairtí an tseachtain sin.  Táim á athrú mar go bhfuil a lán agaibh ag déanamh an-iarracht ach nílim ach ag roghnú beirte gach seachtain.  Déanaigí cuardach i bhur gcóipleabhair go bhfeice sibh an bhfuil ticéid ag dul daoibh, ach amháin James agus Ross dár ndóigh, a scríobh na habairtí thuas agus a fhaigheann cúig ticéad an bhuaiteora dá bharr.

Maith sibh Ross & James

Thursday, 19 November 2015

An Hata Sóivéideach

Bhí Rang 5 ag foghlaim faoin spásaire cáiliúil Yuri Gagarin inniu agus i ndiaidh sin thug M. Cian fá ndeara go raibh Hata ó Airm an Aontais Sóivéidigh ar cheann ceann de na naíonáin ar an gclós.  Cad é sin mar chomhtharlúint?

Seo pictiúir den hata agus den scríbhneoireacht atá laistigh de.



An féidir le héinne é a léamh?

Go raibh maith agat Jamie ó Naíonáin Mhóra as ucht a hata a thabhairt ar iasacht dúinn ar feadh leath uair nó mar sin.

Wednesday, 18 November 2015

Turas Scoile

Ar an 5/11/15 chuaigh rang 5 go dtí Dublina i Baile Átha Cliath chun feachaint ar Na Lochannaigh.


Chuaigh rang 5,M.Cian agus M.Ciara go dtí Baile Átha Cliath. Thóg sé uair chun dul ann ar an mbus. Nuair a fuair muid ann bhí sé ag cur baistí.  Ar dtús chuaigh muid go dtí Dublinia bhí sé an- suimiúil. Fuair muid amach go nach raibh gach bád mar an gcéanna bhí bád beag agus bád mór. Bhí na tithe an-bheag mar nach raibh a lán airgead agat.



Ansin chuaigh muid go dtí McDonalds. Ansin chuaigh muid go dtí turas eile ar Na Lochannaigh. Chonaic muid RTÉ. Ansin chuaigh muid isteach ann bhí quiz againn chun na rudaí a aimsiú. Fuair muid amach nuair a bhí Na Lochannaigh ag trádáil má bhí siad ag trádáil go deas ní raibh an dragún ar an bád. Ansin chuaigh muid abhaile ar an mbus.


 

Bhain rang 5 agus na múinteoirí an-taitneamh as. Bhí sé an-suimúl do rang 5. Bhí lá an maith againn!

Go raibh maith agat M.Cian!!!!!!!!!

Ó Niamh,Niamh Mc agus Rowan

Saturday, 14 November 2015

Abairtí na Seachtaine.

An buaiteoir sa Ghaeilge an tseachtain seo ná

Tá múinteoir Cian 21; bhuel sin cad a dheireann sé.

Go raibh maith agat Niamh Ní as ucht cruinnis na habairte seo.  Bhíos chun pictiúir dom féin a chuir leis mar léiriú air, ach nach bhfuil sibh ag breathnú orm ó mhaidin go tráthnóna cheanna féin?

An buaiteoir sa Bhéarla ná an ceann fíor-shuimiúil seo:

If you said something backwards it would be 'gnihtemos'

Focal Béarla nua cumtha ag Elizabeth ansin - 'gnihtemos'.  An brí atá leis is dócha ná 'rud éigin cúl ar aghaidh'.  An-chliste.

Maith sibh cailíní.


Monday, 9 November 2015

Tá na báid.

Táimid ag foghlaim faoi longa an choicís seo agus inniu rinne Rang 5 iarracht ar bháid a thógail as marla.  Bhí comórtas againn idir na boird éagsúla - cé a d'fhéadfadh an bád is fearr a thógáil?

Ar an gcéad dul síos, caithfidh an bád snámh.  D'fhoghaimíomar gur gá don bád uisce a díchuir ionas go snamhadh sé.  Má díchuirtear uisce le meáchan níos troime ná an bád féin, snámhfaidh sé.  Tar éis roinnt iarrachtaí d'éirigh linn báid a chur ag snámh.

Bád ag snámh - tógtha ag Bord na moncaithe
Bád ag snámh. Tógtha ag Bord na capaill
Bád ag snámh - tógtha ag Bord na
Is ansin a thosaigh an comórtas - cén bád a iompródh an méid is mó 'paisinéirí'?
Tús maith - tógtha ag Bord na sicin
Tús maith, ach de réir mar a chonacmar iarrachtaí a chéile, tháinig feabhas thar cuimse ar ár n-iarrachtaí.

Bád beirte - tógtha ag Bord na madrai

Ceathrar phaisinéir - tógtha ag Bord na capaill

Dearadh eile le haghaidh ceathrar - tógtha ag Bord na ?????

Dearadh arís eile le haghaidh ceathrar - tógtha ag Bord na bPandaí.
Ansin, agus muid ag foghlaim óna chéile agus ag dul i dtaithí ar na riachtanaisí chun an méid is mó uisce a díchuir tháinig na buaiteoirí chun tosaigh.

Bád Ochtar - tógtha ag Bord na iora taluin
Bád Naonúr - tógtha ag Bord na capaill
Bád Naonúr eile - tógtha ag Bord na sicin
Níor cheap múinteoir Cian go n-éireodh le haon bord bád níos fearr ná seo a thógáil, ach bhí ticéid le buachaint agus ní raibh Rang 5 sásta stopadh go dtí go raibh siad ábalta freastal ar i bhfad níos mó paisineirí.

Bád ceathrar déag - tógtha ag Bord na mocaithe
Ceathrar déag eile - tógtha ag Bord na sicin


Bord Seisear Déag - Bord na nDeilfeanna.
Ar deireadh is iad Bord na Madraí a bhain an duais.  Bád a bhí in ann trí phaisinéir is fichead a iompar!  Maith sibh Ava, Jack agus Adam.

Rí na mBád - tógtha ag Bord na Madraí.
Tá múinteoir Cian chun an cuid eile den tseachtain ag iarracht 23 a shárú!

Friday, 30 October 2015

Laochra Peile.

Comhghairdeachas le cailíní Rang 6, Rang 5 & Rang 4 a bhuaigh an Blitz Peile an tseachtain seo caite.  Maith sibh cailíní.


M. Cian.

Sunday, 25 October 2015

Ár bPuimcín

Seo físeán scanrúil do na puimcín a rinneamar an tseachtain seo mar ullmhúchán don deireadh seachtaine seo chugainn.



Bainigí uile taitneamh as an mbriseadh!

M. Cian.

Wednesday, 21 October 2015

Blitz Rugbaí

Inniu chuaigh muid go dtí blitz rugbaí. Bhí trí fhoireann againn.  Bhí Gaelscoil a haon, a dó agus a trí.  Bhí deich gcluiche in iomlán.  Bhuaigh muid cúig uair. Chaill muid ceithre cinn agus bhí comhscóir amháin ann.  D'imir muid Avoca, Annacuragh, Tempelrainey, Tinahely agus Carysfort.


Bhí foireann amháin ó Templerainey a bhí ar-fheabhas ach bhí a lán acu ó rang 6.  Bhí trí chluiche le himirt ag gach foireann ach ag an deireadh bhí cluiche amháin sa bhreis ag foireann 1.


Bhíomar an-tuirseach ag an deireadh ach bhain an rang go léir taitneamh as an lá.Níl aon obair bhaile againn mar go fuair Ava Chaomhánach an úd sa nóiméad deireanach, ach ghortaigh sí í féin á fháil!


Go raibh míle maith agat Barney! 

Rang 5.

Monday, 19 October 2015

Cuairt ar an Staisiún Traenach

An Aoine sa chaite chuaigh muid go dtí an stáisiún traenach le rang a sé. Bhí muid ag dul ann chun féachaint ar traen inneall. Rinne daoine an traen sin i 1949. Chuaigh muid ann le múinteoir Cian agus múinteoir Caroline. Chuaigh múinteoir Fianait agus múinteoir Ciara ann fresin. 



Bhí orainn siúl ann. Bhí gach duine ag siúl le pairtnéir i grúpa de bheirt. Bhí mé ag siúl ann le Aaliyah. Nuair a fuair muid ann bhí cead againn dul isteach sa traen. Bhí a lán rudaí istigh ann nach bhfuil ann sa saol seo. Bhí bláthanna, blaincéad agus pictiúir. Ansin chuaigh muid amach. Bhris an traen síos nuair a bhí sé ag dul ach bhí sé ag obair arís. Ansin chuaigh muid ar ais go dtí an scoil.



Bain mé an-taitneamh as é seo. Bhí sé ana suimiúl. Dúirt an múinteoir linn go raibh daoine ag cheapa go raibh muid Templerainey ach dúirt duine eile ach tá siad ag caint as Gaeilge agus bhí an múinteoir an-bhródúil asainn.




Jack.